Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 16702)
- Suíomh:
- Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An Br. B. L. Mac Eoin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- B'é Mícheál Ó Suilleabháin a fúair an t-eolas seo ó'n a mháthair Bean Uí Shúilleabháin atá ina comhnaidhe in Othar-mong.
Bhí mórán tíghearnaí talmhan in Éirinn fadó, acht ní'l puinn díobh ann anois, mar tá na feirmeacha díolta le Coimsiún na Talmhan.
Ó MATHGHAMHNABhí an tighearna seo ina chomhnaidhe i dtaobh thall i nGóilín. Bhí sé ana-dían ar na tineóntaithe agus bhí fuadh mór acu dó. Deirtear go raibh "Mallacht na bPréacán" ar muinntir Uí Mathghamhna agus tá fhios againn ná dheineann na preacáin aon nead ar na crannaibh mór-dtimcheall an tíghe. Do mharbhuigheadar buachaill a bhí ag marbhú caoire agus chuir a mháthair an mallacht ortha.Aon uair bhí duine de's na tineóntaidhthe dá phósadh. Thárla gur pósadh duine de muinntir Uí Mathghamhna an lá chéadna. Bhí bainfheís ag an dá ndream. Bhí an lánamha bocht ag tiomáint i gcósaire an trathnóna sin, agus thánadar suas leis an lánamha núadh agus a gcáirde ag tiomáint i gcósaire eile. Bhíodar chun dul amach rómpa ar an mbóthar ach stop Mathghamhna a cóisire féin. Léim a cháirde amach in dhíaidh agus thugadar fotha fé'n fhear nuadh pósta agus mharbhuigheadar é. Ní gadh a radh nár chuir an dlíghe cam isteach ortha in-aon-chor acht thuit Mallacht Dé go trom ortha.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Mícheál Ó Súilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Eochair Mong, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Bean Uí Shúilleabháin
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Eochair Mong, Co. Chiarraí