Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 16702)

Suíomh:
Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
Múinteoir:
An Br. B. L. Mac Eoin
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 450

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0476, Leathanach 450

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín
  2. XML Leathanach 450
  3. XML “Áitainmneacha- Cill an Dearnan”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Cill A' Bearnan
    Roilig 'seadh í seo inaice le Cathair Saidhbhín ach glaoidtear Cill na bhFear n-Og anois air. Deirtear go bhfuil tobar ann a thugann faoiseamh don dall bocht ach tá sé clúduighthe ó radarc na ndaoine agus ní maith le h-aoine dul á chuardach mar tá sgéal ag baint leis an tobar sin, seo é é.
    Bhí dinnéar mór dá thabairt ag muinntir Uí Mathghamhna thall igCaisleán Cuinn. Irith an dinnéir deineadh trácht do miobhaltaí do thárlaidh ag an tobar i gCill 'A Bearnan. Thosnuig gach aoine ag gáirí agus ag déanamh magaidh den sgéal agus fé Donncadh O Mathghamna tosc gur chreid sé ins na miorbhaltaí san (Protastúnaig b'eadh iad go léir ach Donncadh O Mathghamna) Dubairt duine díobh go raibh capall dall aige agus go dtógfadh sé cun an tobair é agus go bhfaigfeadh an rud bocht radarc a shul thar n-ais. Cuir duine eile díobh geall leis ná déanfadh agus siud le mo dhuine fé dhein an chapaill.
    Ar shroisint an tobar dóibh nigh duine díobh súile an chaphaill leis an uisge on tobar, agus slán beo mar a innstear an sgéal leighiseadh an capall ach má deineadh tháinig mallacht Dé anuas ar an gcleasaidhe agus buaileadh dall é ar an bpoinnte.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. áit-spás-timpeallacht
      1. seanchas áitiúil, dinnseanchas (~10,595)
    Teanga
    Gaeilge