Scoil: Scoil na mBráthar, Cathair Saidhbhín (uimhir rolla 16702)
- Suíomh:
- Cathair Saidhbhín, Co. Chiarraí
- Múinteoir: An Br. B. L. Mac Eoin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)den Ghoilín. Dubairt m'athair liom gur chualaidh sé sgéal os na sean daoine fadó: seo é é:-"Lá dá rabhadar ag déanamh claidhe treasna an Pharáiste thógadar aníos ceann des na clocha móra. Chonnacadar thíos na sliogáin 'na mbíodh iasg istig ionnta. D'imthigheadar annsan isteach san Pharáiste agus bhí sluaiste aca agus sáitheadar na sluaiste fés na sliogáin ach cad a bheadh ann ach Píosaí de gunnaí agus corráineacha agus iad ídighthe is ithte le meirg.
Tá lios eile inGarrán Bán agus is ann atá na clocha breághtha. Bhí fear ann fadó agus bhí an tig comh dona san aige gur bheartuig sé seift ar cheann nua do thógaint; bhí sé ar intinn aige feidhm do bhaint as clocha an leasa.Lá amháin thosnuig sé ar iad do thógaint leis ach tháinig Pian uathbhásach 'na drom. Luighe sé síos ar urlár an leasa cun a sgiath do thógaint.Chuala a bhean an glór istigh sa lios. Chualaidh na comarsain é. Ritheadar síos go dtí an lios agus fuaradar an duine bocht agus é leath marbh. Bhí sé bruighte, briste agus stracartha tar éis an droch-usáide a fuair sé os na daoine maithe san lios. Thóg thar nais go(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Tadhg Ó Cathasaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Faiche an Aonaigh, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Tadhg Ó Cathasaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Faiche an Aonaigh, Co. Chiarraí