School: Tír Ó mBaoighill (Tyromayle) (roll number 12198)
- Location:
- Tír Ó Maoil, Co. Chiarraí
- Teacher: Conchubhar de Barra
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)"Ciaca ab fhéarr leat" ar seisean "an bullóg mhór agus mo mhallacht nó an bullóg bheag agus mo bheannacht". "Gach aoinne ag treabhadh ar an mbreis" arsan leath-amadán "tógfad an bullóg mhór". "Seo dhuit í" arsan driothár.
Bhuail fé'n a ascaill an bullóg agus siúd leis. I gcaitheamh an lae bhuail an t-ocras é. D'fhéach sé thímcheall air féachaint cá bhfaghadh sé tobar fíor-uisge. Chonnaich sé uaidh ceann agus dhein sé fé'n a dhéin. Nuair a tháinigh sé go dtí an tobar shuidh sé síos agus tharraing chuige an bhullóg aráin. Níorbh fhada é ag ithe nuair a léim spideóigín amach as an dtobar chuige. "An mbeadh aon bhrus aráin agat dom féin is dom geárrchaigh" ar seisean. "Tá sé cómh maith agat bheith ag imtheacht nó raghaidh le sgiathán briste" arsan leath-amadán. Léim an spideóigín isteach sa tobar agus dhein sé uachtar fola agus iochtar meala.
"Tá go breágh" arsan mbuachaill ag cur do an bóthar airís. Ní fada uaidh ag imtheacht nuair do thárluigh fear leis. "Cá bhfuilir ag dul?" ar seisean leis. "Ag lorg aimsire" d'fhreagair sé. "Seo mar atá buachall ag lorg máighistir agus(continues on next page)- Collector
- Concubhar de Barra
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir