School: Tír Ó mBaoighill (Tyromayle) (roll number 12198)
- Location:
- Teeromoyle, Co. Kerry
- Teacher: Conchubhar de Barra
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)máighistir ag lorg buachalla. Déanfaidh me margadh anois leat " ar seisean "seacht bpúnt as so nó go nglaodhfaidh an chuach; agus ciacu againn a gheóbhaidh locht ar an nduine eile , bainfear an dá chluais do.
Chuadar araon abhaile agus chuir an máighistir an buachaill ag obair. Lár na mháireach thosnuigh sé ag cnáimhseáil. I gcaitheamh an lae fuair sé locht ar an máighistir. "Cad mar gheall ar an margadh a dheineamair indé". Arsan máighistir "suidh annso ar an gcathaoir dom. Fuair sé sgian agus seo leis ag gearradh an dá cluas de. "Sin iad agat anois iad agus beir leat abhaile iad" ar seisean.
Chuaidh an t-amadán abhaile go dtín a driothár agus d'innis an sgéal do. Pé luime a ghearraigh sé sin díot iad ar seisean "is seacht luime ná sin a gheárrfaidh mise do san iad." "Sé mo cheart lón a dhéanamh duit anois" arsan driothár. Dhein sé bullóg mhór agus bullóg bheag. "Ciaca ab' fheárr leat an bhullóg mhór agus mo mhallacht nó an bhullóg bheag agus mo bheannacht" ar seisean.(continues on next page)- Collector
- Concubhar de Barra
- Gender
- Male
- Occupation
- Múinteoir