Scoil: Tír Ó mBaoighill (Tyromayle) (uimhir rolla 12198)
- Suíomh:
- Teeromoyle, Co. Kerry
- Múinteoir: Conchubhar de Barra
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tír Ó mBaoighill (Tyromayle)
- XML Leathanach 008
- XML “An Triúr Driothár agus an Leasmáthair”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Brighid Ní Leidhin (Boulerdagh, Kells, Co. Kerry) a sgríobh an sgéal seo. Fuair sí an sgéal ó’n a mhuinntir féin sa bhaile.An Triúr Driothár agus an leas-mháthair. Bhí fear ann fadó, is minic a bhí agus beidh go deó. Bhí triúr mac aige agus cailleadh a máthair. Fé ceann tamall aimsire airís do phós an t-athair agus má dhein ní ró-mhaith a bhí an leas-mháthair don a triúr mac. Thugadh sí oiread oibre don triúr mac ná deineadh seachtmhar, agus mar is mó a fhéacadh sí ortha ‘seadh is mó thagadh gráin aici ortha. Lá de’s na laetheannta do chuaidh an t-athair as baile. Dubhairt sí leó dul isteach ‘na leithéad seo do thig agus é ghealadh. Ní túisge fuair sí istigh iad d’iompaigh sí an glas ar an ndorus ortha. D’imthigh annsan agus do thug sí anuas agus do chaith anáirde ar bínn an tíghe iad. Ní raibh puínn céille ag an dtriúr acht bhí adhbhar éigin ag an bhfear críonna.
Do an garsún críonna caitheadh anáirde ar cheann an tíghe. “Is dócha go bhfuil fonn ag ár leas-mháthair deire a chur linn.” “Tá deire linn má tá” ar siad san leis. Bhí an fear críonna ag cur de i gcómhnaidhe tríd an bhfalla nó go bhfuair sé caoi éigin nó go dtáinig sé go drom an tíghe. Annsan thiomáin(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighid Ní Leidhin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Boulerdah, Co. Kerry