Scoil: Gleann Beithe
- Suíomh:
- Gleann Beithe, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Fhoghludha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Beithe
- XML Leathanach 449
- XML “Bia na Seanaimsire”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Biadh na Sean-AimsireAinm an Aithriseóra: Bean de Búrcac.
A Seoladh: Baile na Cille, Gleann Beithe.
A Aois: 53 bl.D'ithidís dá béilí sa lá béile ar maidin agus béile ag dul a codlad - prátaí agis salann agus bhainne gac uair. D'oibridís trí h-uaire a cluig ar maidin sar n'ithidís an breacfast.
Bhiodh an bórd na seasam suas i gcuinne an fhalla d'fhonn slighe a dhéanamh mar bhíodh na tighthe ró bheag.
Marbhuighidis seana bhó agus ghearraidís chuid don fheól agus min coirce a dheinidís féin sa mbaile i dteannta a céile in aon corcáin amháin agus deanadh an méid a biodh sa corcán san ar feadh seactmhaine iad.
Cuiridís corcán uisge ar an dteine agus nuair a bhíodh sé ag beiriughadh do lactfaidÍs an mhin le leamhnacht agus chaithidís sios sa chorcán é agus nuair a bhíodh sé tamall ar beiriúghadh cuiridís a thuile mine cun é reamhrughadh nuair a bhíodh sé beirbhthe chaithidís isteach i méis mhóir é agus geibheadh gac h-aoine inoga (muga) bainne(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Brighidh de Bhúrcach
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Baile na Cille, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Bean de Burcach
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 53
- Seoladh
- Baile na Cille, Co. Chiarraí