Scoil: Gleann Beithe
- Suíomh:
- Gleann Beithe, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Nóra, Bean Uí Fhoghludha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann Beithe
- XML Leathanach 399
- XML “Daoine Cáiliúla”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Daoine CáileamhlaAinm an Aithriseóra: Seán Ó Riordáin,
A Seoladh: Curraicín, Gleann Beithe.
A Aois: 75 bl.Fear bocht do b'eadh Donncadh Ó Grádaigh, a bhí 'na cómhnaidhe i gCromán, Gleann Beithe.
Uair amháin do cuaidh sé a d'iarraidh mála mine ó'n Cróthanach i gCill Orglan. D'iarr an siopadóir de cá raibh an trucail cun go gcuirfeadh sé amach chuige é.
Dubhairt Donncadh go raibh trucail ag feitheamh leis míle ó'n sráid. Bhí fear eile istigh go nglaodhadar Miceál Mór air agus d'fhiafruig sé de a' dtabhairfidh sé an mála comh fada san siar ar a dhrom. Dubhairt Donncadh go dtabharfadh sé mála leis dá mbeadh sé aige.
Dubhairt Micheál Mór go dtugfadh sé mála mine gan seóda dó dá dtabharfadh sé dhá mhála ar a dhrom. Cuir sé téad timceall an dhá mhála agus thug sé siar é timcheall míle an bhóthair.
D'imthig an siopadóir agus fear ag feucaint a dtabharfadh sé an mála leis, ach do thug gan dabht ar domhan agus áthas air.
Uair eile bhí sé ag obair ag feirmeóir in Oileán Ciarraighe. Bhí geosadán i lár páirce an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Ríoghbhardáin
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill na mBreac Íochtarach, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Riordáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 75
- Seoladh
- An Curraichín, Co. Chiarraí