Scoil: Cuileannach (C.) (uimhir rolla 2708)
- Suíomh:
- Cuileannach Uachtarach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríd, Bean Uí Chochláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cuileannach (C.)
- XML Leathanach 341
- XML “An tAonach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Sluagh mór bhailighthe le céile chun bheithithaigh do díol, agus do cheanach iseadh aonach. Ní mór iad na h-aontaige a bhí ann fadó agus ní raibh ach bhailuighadh beag daoine ann. Bhí aonach an "Patrún" i gceann páirce le Séárlas Ó Foghluda, i gCill Gobhnaith, ach bhí ceann mór eile i gCíll Órglan ar a dtugtarí Aonach a' Phuich, agus bíonn sé ann fé láhair, bhíonn phucán gabhair ináirde ar staighre árd ar feadh trí lá. Ní bhíonn aonach in aon chor i gCill Gobnait anois, sé théigheann na daoine go léir go dtí Cíll Órglan, mar a bhfuil páirc mór lámh leis an mbaile mór chun an stoch go léir do dhíol agus go cheannach, agus dá [bréig] tuisge a théigheann daoine go dtí an aonach iseadh is feárr an áit a bhíonn acha.
Bhíonn mórán árgúinteacht agus chaismirt, agus glór ar shiubhal ag an aonach, agus se rudh a dheintear chun theasbháint go bhfuil sé 'na mhargadh ná séile do chaitheamh ar dhearnáin láimhe an duine féin, agus annsan dhearna an dhuine eile do bhualadh leí agus bhíodh chafairí eile ag ráiméas thímhcheall orra, bhíonn na dhíoltóirígo h-ana spíunluithe ag an aonach, ní thugann(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Eibhlín Ní Chobhthaigh
- Inscne
- Baineann
- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Chobhthaigh
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Ceathrú na hUamhan, Co. Chiarraí