Scoil: Cuileannach (C.) (uimhir rolla 2708)
- Suíomh:
- Cuileannach Uachtarach, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Bríd, Bean Uí Chochláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Cuileannach (C.)
- XML Leathanach 315
- XML “An Spideog”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí trúir taoiseach ann fadó dar a b'ainm dóibh Ó Súilleabháin Mhór, Mach Chárrthaig Mhór agus Mach Cheallaigh Mhór. Bhí síád bhocht. Bhí síád ag cainnt leis an ndiabhal lá amháin agus do hein síad margadh leis. Dubhairt sé go dtabharfadh sé airgead dóibh dá ndeinidís an rud a dubhairt sé leó. Duhairt sé le Mach Cheállaigh rith go dtí bhárr an chnuich acht bhí Mach Cheálláigh bacach. Nuair a bhí Mach Cheállaigh anr bhárr an chnuic do thóg an diabhal é.Do fuair an diabhal sgagaire, agus dubhairt le Ó Shúilleabhán an sgaire do líonadh le uisge. Nuair a bíodh an sgagaire líonta ritheadh and thuisce amach as. Tháinig spideóg ar craobh crainn agus dubhairt sí leis an dtaoiseach pludar a chur ar bhun an sgagaire. Annsan líon se an sgagaire. Níl fhios agam cad d'imthigh ar Mach Cárrthaigh.
Ainm agus seóladh an té a thug an eólais thuas dhom in Ghaedhilgh:-Bean Uí Séadhdha,
Cíll-Lócháin,
Lios-a-Phúca,
Cíll-Áirne.- Faisnéiseoir
- Bean Uí Séaghdha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Cill Lócháin, Co. Chiarraí