Scoil: Braighde (uimhir rolla 11343)

Suíomh:
Na Braighde, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire C. Ní Chonchobhair
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0470, Leathanach 241

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0470, Leathanach 241

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Braighde
  2. XML Leathanach 241
  3. XML “Pádraig Ua Dalaigh”
  4. XML (gan teideal)

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (gan teideal)

    Do bhí fear ina cómhnuidhe i gCathar Sómhnaill in aimsir Dhómhnaill Ui Connaill...

    Do bhí fear ina chómhnuidhe i gCathar Dómhnaill in aimsir Dhómhnaill Ui Connaill. Mícheál Ó Séaghdha an ainm a bhí air. Feirm beag abhí aige agus ní raibh sé ró=shaidhbhear. Do bhí parson san áit agus do béigin do gach aoinne chíos a dhíol dó cun é féin agus an teampuil Protustúna do coimeád suas. Do bhí fear ag bailiú an cíosa dó. Lá áirighthe bhuail sé isteach do Micheal Ó Séaghdha chun an cíos d'fhághail acht in ionad an cíosa is é rud a thug Mícheál do ná bataráil maith. Níor fhág sé acht an t-anam ann. Cúpla lá i na dhiaidh sin cé bhuail isteach le Micheál acht an báille le barántas mar gheall ar an éagcóir a déin sé. Tháinig árdeagla ar Mhícheal ansan mar bhí fhios aige go raibh an dlige ina coinnibh. Dimthig sé go Dómhnaill Ó Connaill chun chomhairle d'fhághail. Do bhí Donaill ag pléa cúíseanna dlighe ós cómhair an breithimh san am san . Dubhairt Domhnall le Mícheal go
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Seán Ó Muircheartaigh
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Seoladh
    Na Braighde, Co. Chiarraí