Scoil: An Gleann Mór (uimhir rolla 13973)

Suíomh:
An Gleann Mór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Máire T. Ní Chonaill
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0467, Leathanach 045

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0467, Leathanach 045

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: An Gleann Mór
  2. XML Leathanach 045
  3. XML “Amhrán”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Amhrán

    Maidean Luain cois Ínne thuaidh dhom ¶ Ar m'eirghe amach go dian mhoch

    Maidean Luain cois Ínne thuaidh dhom
    Ar m’éirghe amach go dian – moch
    Is mé ag feuchaint uaim os na sléibhte fhuara
    Is gurbh fada liom uaim tig Daod bhocht
    Do chuireas orm mo bhróga go leisgeamhail brónach
    Is bhí an tuille tar na abhainn rómham sgéithte
    Ó glór na n-abhann tháinig tinneas im’ cheann
    Is b’feadair cá rabhas in aon chor
    II
    Bhí Willie ar a’gclaidhe is do ghlaoidh uaidh síos orm
    Is é dubhairt sé “Ní fheudfair é chur díot in aon chor”
    B’fhearr dhuit teacht aníos tá an t-asal i gceann a’ tighe
    Is bheurfaidh sé anonn saor thú
    Do ritheas aníos is d’éirigh orm mo chroidhe
    Is is árd an claidhe ná leímfinn
    Iarraim ar Íosa ar Mhuire is ar Bhríghde
    Ná leogfaidh sibh choidhche ar strae mé
    III
    Is fada an tímcheall ní gádh dhom innsint
    Chun droichead na Cillíneach Léithe
    ‘Sí an leath-choróinn tuíllthe ar theacht na h-oidhche
    ‘S ná feadar a bhfaighinn choidhche aon ráol de
    Bhí an Daodach thuas rómham ‘na theirrit uaigneach
    Is an braon anuas á chaochadh
    Mar a bheadh mada ruadh istig i bpluais
    Is é ‘n-a shuidhe ar fhuarma á théitheadh féin.
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádraig Óg Ó Conaill
    Inscne
    Fireann
    Seoladh
    Ceapaigh na gCrann, Co. Chiarraí