School: Cnoc na Bró
- Location:
- Cnoc na Bró, Co. Chiarraí
- Teacher: Mícheál Ó Scannaill
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- “Míol bhuidhe ar Mín Tír agus Biorán bhó ar Bhiorainn" Buachaill aimsire a fuair an deimhniucán so thuas o’n a mhaighistir ag fágaint na h-áite dó. Bhí an-grádh acu da céile agus ní gan cúis é, ach ní feadfadh an buachaill chur suas a thuille le leas-ainm a bhí air ag an gcoitciantacht sa comhursanacht i.e. “Giolla na Dreille.”
Do chomáin an buachaill cun siubhal, gur imthig i bhfad i gcéin áit a raibh feirmeóir eile ar a raibh fonn é tógaint mar seirbhiseach ath-uair. Do glac an feirmeoir nuadh a deimhniuchán agus tar a iniuchta ag síneadh an paepéir cuige adúbhairt:-
“’S ní chuirfinn-se mo gheall ná go bhfuil breall ar an ngiolla.”
Saghas fhile ab eadh an tarna maighistir de réir deallraimh agus da bhrígh sin do thuig sé ó’n deimhniúcán agus ar cloisint don mbuachaill an focal breall roimis annso arís do ceap sé na féadfaidh(continues on next page)