Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne

Suíomh:
Cill Airne, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Na Siúracha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0456, Leathanach 064

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0456, Leathanach 064

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
  2. XML Leathanach 064
  3. XML “Ainmhithe na Feirme”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    Nuair a beannuig Naomh Pádruig gach aon rud níor bheannuig sé an tor geataire in aonchor. Tá smut de’n bharra feóchta riamh ó shoin air. Níl aon mhaitheas ann cun aon níd.
    An leigheas is feárr a fhéadfá thabhairt do ghamhain óga, spuineóg sóda dhá uair sa ló; do chailltí mórán aca go dtí go bhfuaireadar an leigheas san.
    Ní bheadh aon mheas ag na sean-daoine ar aon sglábhuidhe a bhíodh aca mara mbeadh dhá rámhainn ceardchan caithte ins an mbliadhain aige.
    Na spealadóirí a bhí fadó shoin ann bhíodh duine fánach aca go mbíodh ártha an fhaobhair aige agus dá gcuirtheá sámhthach rámhainne síos sa móinfhéar roimis bhainfeadh sé an ceann de. Bhí an cuid eile de na spealadóirí marbh aige mar ní bhíodh an faobhar aca agus bhí san diamhaoin glan mar bhíodh an faobhar aige. Bhíodh aon fhaobhar amháin aige ó mhaidin go trádthnóna.
    Ó lár na Bealtaine amach bhíodh na h-uan bainte as caorachaibh. Chuiridís isteach na caoraig sa gclocán (gan) gach aon tráthnóna. D’imthighidís ar maidin annsan. Crúdidís na caoraigh. Cuiridís í beirbhiú annsan agus chaithidís síos dhá sháspan de bainne géar ann agus níor ólais aon deoch
    (leanann ar an chéad leathanach eile)
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. talmhaíocht (~2,659)
          1. riar ainmhithe (~2,587)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Pádruig Ua Suilleabháin
    Inscne
    Fireann
    Aois
    69
    Seoladh
    Cill Airne, Co. Chiarraí