Scoil: Clochar na Trócaire, Cill Áirne
- Suíomh:
- Cill Airne, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Na Siúracha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)“An fada ó ithis cheana?” “Ní fhéadfainn cuimhin air” ar seisean. “Is deacair go bhféadfainn cuimhneamh air mara a gcuimhnigheann tú féin air. Ní thabharfaidh mé duit ach dhá greim ar eagla go ndéanfaidh sé breoite thú.” “Is mór an nídh dhá greim féin,” ar seisean. “Seadh slán agat,” ar seisean. “Beidh mé ag bailiú liom.” Bhailigh sé leis agus níor chuaidh sé i bhfad in aon chor nuair a bhuail tig eile deas leis go raibh fear mór láidir istig roimis. Ba truime ceann dá géaga ná an fear eile ar fad. “Déanfaidh mé marghadh leat” arsa ‘n fhear. “Coiméadfaidh mé tamall tú agus ní bhfaghfaidh tú ach an oiread a íosfaidh mé féin.” “Ba cóir go n-íosfá oiread uair amháin is a dhéanfaidh mise ceithre uaire.” “Beidh tástailt agat” arsa mac na baintrighe leis. Ní idthidís ach dá uair sa ló. Cúadhadar amach san garraidhe lár na mháireach ag glanadh prátaí ach bhí i bhfad d’Éirinn de’n lá caithte sar a glaodhadh isteach ortha. ‘Basa ní raibh ach greim ithte ag an ngarsún bocht. “Glan leat na plátaí ó’n mbórd” arsa ‘n fear le’n a inghin. Chuadar amach. Dhein sé an dála céadhna láir na bháireach leis. “Is dóigh mhaise” arsa ‘n garsún. “Déanfadh-sa plan ort-sa.” Sgaoil sé an phóca ruibéir taobh istig síos dá léine. Thóg sé slice arin de’n mbord agus dhein sé brúscar de agus scaoil sé(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Pádruig Ó Suilleabháin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 69
- Seoladh
- Cill Airne, Co. Chiarraí