Scoil: Ráth Mhór (B.) (uimhir rolla 16987)

Suíomh:
An Ráth Mhór, Co. Chiarraí
Múinteoir:
Diarmuid Ó Cróinín
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0451, Leathanach 096

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0451, Leathanach 096

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Ráth Mhór (B.)
  2. XML Leathanach 096
  3. XML “Máire Ní Chearnaigh agus an File”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Máire Ní Ceárnaigh agus an File
    Bean a b’eadh Máire Ní Ceárnaigh go raibh siopa beag aici thuas i Léim Uí Gliosáin i bparóiste Gníomh Go Leith. Chuaidh file na h-áite (ní fios cérbh é anois) isteach chuici lá ag iarraidh tobac uaithi ar chairde. Dhiúltaigh Máire é agus do labhair an file mar seo:
    Sí Máire Ní Ceárnaigh an fánuidhe alpeach
    ‘S aici atá an tobac is measa in Éirinn
    M’anam bheith ag staca ‘s mé i ngádhtar an Chléirigh
    Ní mhaitheadh sí spás dom go soláthróchainn an t-éileamh.
    Bualadh bulla báisín
    Bualadh bulla báisín
    Bualadh bulla báisín h-Annraoi Cuirín
    Bualadh bulla báisín chuir sí cuire-cnámh síos
    Ólfaimid deagh-shláinte an tseanbhean teann bhuidhe.
    Fuaireas é seo ó Cormac Ó’ Laoghaire (feirmeoir beag) Gullán, Gníomh Go Leith, 60 bliadan d’aois.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. seánra
      1. filíocht
        1. filíocht na ndaoine (~9,504)
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Cormac Ó Laoghaire
    Inscne
    Fireann
    Aois
    60
    Seoladh
    An Gallán Thoir, Co. Chiarraí