Scoil: Gleann an Daimh (uimhir rolla 15032)
- Suíomh:
- Gleann Daimh, Co. Shligigh
- Múinteoir: P. Mac Conchradha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Gleann an Daimh
- XML Leathanach 005
- XML “Scéal a Bhaineas le Gleann an Daimh”
- XML “Cumann na Talún (1880)”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Nuair bhí Diarmuid Ó Duibhne agus Gráinne ar adteiceadh ó Fhionn Mac Cumhail indeire na dála tháinig siad go Beann Gulban. Is annsin tháinig Fionn ortha. Bíodh siad i bhfolach san bpluais ar thaobh an tsléibhe. Dhe chómhacht droidheachta rinneadh torc de Dhiarmuid agus leig Fionn na coin ar a thóir. Chuaidh sé cómh fada le beál leice agus ar air arís.Bhí sé ag fáil bháis agus bhí cómhacht a leighis ag Fionn ach braon uisge thabhairt dó. Leig sé an braon do thuitim as a órdóg feasa dhá uair agus an triú uair, tré eadguidhe na bhFian eile bhí sé chun é a leigheas ach fuair Diarmuid bás nuair bhí sé ar tí an t-uisge a thabhairt. B’shin deire le Toruidheact (?) Diarmúda agus Gráinne.
- Nuair abhí an cumann seo ag tosnú; tuairim an bhlian 1880 bhí cruinniú puiblidhe le bheith Domhnach amhain i Garrison ( ) baile atá ar bhruach loch Méilghe igCo Fhear Manach. Bhí an domhan mór is a mháthair le bheith ann óir bhí an Reamónach ag teacht chun cainnte bhíod ar ag déanamh ar an áit ó Thír Conaill, Fear Manach, Tuaisceart Liathdfuim, tuaiscart Sligigh agus bhí arm teine ag cuid acu. Cuireadh neart poilíní cuig an baile i dtreo nach leigfí na stróinseáraí seo dul isteach sa sráid . Bhí Tomás Mac Giarragh ann ó Gleann an Daimh. Tháinig ceathrar sagairt i láthair, ba gheall le míosúil d'oibrigh (?) duine amhain mar b’éigin don sluagh poilíní imtheacht ó bóthair amhrám (?)