Scoil: Gleann an Daimh (uimhir rolla 15032)

Suíomh:
Gleann Daimh, Co. Shligigh
Múinteoir:
P. Mac Conchradha
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0157, Leathanach 004

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0157, Leathanach 004

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Gleann an Daimh
  2. XML Leathanach 004
  3. XML “Scéal a Bhaineas leis an bParóiste Seo”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí fear darab ainm MacGiolla Máirtín in Gleann an Éada fadó agus bhí sé pósta le mnaoi darab ainm dí Gráinne Ní Conghaile. Tharla go ndeachaidh an bhean chuig an loch lá chun eadaigh a nighe agus le linn dí bheith ag nigheachán tháinig dobharchú an tslighe ags mharbh sé an bhean. D'ith sé cuid dí agus thuit sé siar ar an bport agus thuit a chodladh air. Chuaidh an fear go dtí an loch ag lorg na mná agus nuair a chonnaic sé mar bhí an sgéal fuair sé a chlaidheamh agus mharbh sé an dobharchú le buille amháin. Sar a bhfuair an dobharchú bás ámhthach leig sé fead agus tháinig cómharsa i láthair faoi 'n am so agus nuair chuala sé an fead ar sisean le Mac Giolla Máirtín "Gread leat chómh thuigh is atá sé id' bhonnaibh mar beidh a mhata ar do thoir agus marbhóchaidh sé thú má bheireann sé ort." Fuair Giolla Máirtín a chapall 7 siar leis tré baile na dtrí liagh agus nuair a srois sé Caisleán na Garrán bhraith sé an dobharchú ag druidim leis agus é ag séideadh. Bhi sean-teach ar thaoibh an bhóthair. D'iompuigh sé an capall treasnna an dorais. Chuaidh an dobharchú tríd an capall in aon léim amháin ach nuair a bhú sé ag dul isteach an doras thuig Giolla Máirtín buille dí claigheamh dé agus thuit an dobharchú sínte ar an dtairsigh. Bhí deire go deo leis an dá dobharchú bhí faoi draoidheacht i loch gleann an Eada agus ba mhír an faoiseamh do mhuinntir na h-áite é.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhairí (~1)
      1. neacha neamhshaolta agus osnádúrtha (~14,864)
        1. Fianna (~595)
    Teanga
    Gaeilge