Scoil: An Cam (Camp), Tra Lí
- Suíomh:
- An Com, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Murchadha
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Mo chroidhe agus m'anam gan aon iongnadh liom annMar do shil sé an fhuil ghlórmar á saoradh sa ChrannAn t-sleagh tí na Chroidhe 's an Choróín Spíne (Spíortha) 'na Cheann
A chríóstaidhthe an t-saoghail seo deinidh bhúr n-anamGoilidh go cruaidh agus buailidh bhúr mbasaNár dhíolaimíd tú ar ór ná ar rachmasMar ná fuil sa tsaoghal acht sgeon beag seachas glóíre na bFlathas
Fanaidh sa chló chéadna go ndéánfaidh a' spéír lasadhOsclochaidh na tuamaí agus go n-eireochaidh na mairbhGo seinnfear an ceol trúmpa go dian-mhoch ar maidin'S beidh an Rí Cheart ár n-éisteacht ar thaobh cnuic Lá 'n Chatha
Nuair a sínfear annsúd sinn ag tabhairt an fhéírNár leigis le Lucifer sinn ná claonGo ndeine tú slighe dhuinn gan chunntasGo dtí Cúirt Gheal na Naomh agus bheith go deo ann leat féín
Cuirim athchuinghe go cruaidh chughat a Rí Uasail a' tSoluis A Céásadh Dia h-Aoine agus fuil A Chroidhe leis 'n-a sruthaibh(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Maighréad Bean Uí Gríbhthín
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 80
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Pointe an Choinigéir Rua, Co. Chiarraí