Scoil: Achadh Caisle, Caisleán Ghriaire (uimhir rolla 14767)
- Suíomh:
- Áth an Chaisle Thuaidh, Co. Chiarraí
- Múinteoir: S. Ó Téacháin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An mhaighdean mara a tugtar uirthe san áit seo. Leath-bhean agus leath iasg iseadh í. Tagann sí aníos an ar cairrgheacha istoidhche.
Tagann an rón aíos ar na cairrgheacha istoidhche agus bíonn sí ag gol. Deireadh an mhaighdean mara "Tadhg atá um lorg" agus teigheadh sí cun na h-áite na mbíod sé. Bíonn brat ar an maighdean mara.
Bhí fear ins an Machaire d'arbh ainm do Ághasach, agus chonnaic sé í. Nuair a tháinig sí isteach ón bhfarraige do bhain sé a cochall draoidheachta dí agus do rug sé leis abhaile í. Do chaith sé siar i lochta e agus do phós sé í. Bhí triúr leanbh aca agus mhaireadar seacht mbliana i bhfochair a céile. Pé rud a bhí sé ag lorg i gcionn na seacht blian san lochta tháinig sé treasna de'n cochal. Caith sé anuas de'n lochta í. Nuair a chonnuic sí é, do gáir sí agus níor gáir sí riamh ar feadh na seacht bliana roimis sin. Nuair tháinig an fear anuas, chuaidh sé amach agus níor dhein sí aon nídh ach an(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Nóra Ní Gearailt
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Áth an Chaisle Thuaidh, Co. Chiarraí
- Faisnéiseoir
- Bean Mhic Gabhann
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An tOileán Cam, Co. Chiarraí