Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Aon tráth amháin do bhí fear ann dár b'ainm do Seán Ó Cléirig, agus bhí an Seán seo imithe glan i ngrádh le cailín áluinn dár b'ainm di Sadhbh Ní Mhaonais. Tráth de's na tráthanna do dheineadh an cleamhnas eatortha, ach nuair bhíodar díeach réidh chun pósta, agus an lá ceapaithe aca, do bhuail taom breóidhteachta Sadhbh, agus slán mar a n-innstea é, do chailleadh í.
Bhí Seán bocht annsan go brónach 'na diaidh, agus n'fhéadfadh sé í leigint ó na chuimhne de ló ná d'oídhche.
Aon oidhche amháin, agus é sínte ar an leabaidh mí taréis bháis Shaidhbh, do bhaineadh geit as i lár a mhaireanna istig do mhúscail as a bhruadair é. Chuala sé an guth ag labhairt leis mar seo:-Dia's Muire dhuit, a Sheáin Uí Chléirigh
Seo í do ghradh geal do tháinig at fhéuchaint
Oscail is múscail, 's chorraui do ghéaga
Agus feuch orm suas le'd dhá shúil chlaona.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Pádruig Ó Loingsigh
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 13