Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- Suíomh:
- Baile Uí Dhuinn, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Seán Ó Loingsigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Uí Dhuibhne, Caisleán Ghriaire
- XML Leathanach 003
- XML “Bealoideas - ón dTír Uachtarach”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)III
Tá mo shúil-se le h-Íosa gur bréaga atá
’gam á rádh
Is go gcídfidh mé ’rís í le síodaí ‘s le h-airgead
bán
Go mbeidh aici bólacht de bhuaibh óga ‘s fear
áluinn óg
‘S go mbeidh siad am chaoineadh ‘s mé sínte
lag marbh ar bórd.
IV
Cuirfead-sa chúichi cúnntas is é scríobtha
i mblúire pháipéir
Cabhair do chur chúgham a choiméadfaidh
ón bpoorhouse mé
Ceannóchaidh sé plúr dom siúicre tobac
agus té
Is bead-sa sa chúinne go súghach i ndeire
mo shaoghail.
V
A Cháit arú! a rúin. Na léig-se de’n
phoorhouse mé
Ná an mála ar mo gualainn a siubhal
dúthaighe ‘s gur fairsing í an réim
A’ lorg ionaidh chun suaimhnis ‘s á chuardach go
deire gach lae
‘S gan fagháil ar aon ndualgas mo luáin-
chreach ‘s m’fhadtuirse féin (críoch)[Tomás Ó Fín, d’aithris, atá anois suas le 60 bliain. Chualaidh sé ag á athair é. - Mac mic den té cheap.]