Scoil: Luachair (uimhir rolla 10045)
- Suíomh:
- An Luachair, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Ml. Ó Domhnaill
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Luachair
- XML Leathanach 058
- XML “An Muilteoir”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Bhí duine bocht ann fadó is minich a bhí agus beidh go deo. Bhí cúig púint cíosa tuitighthe air agus ní bféidir leis é dhíol. Bhí muiltheóir inaiche leis is bhí sé lán d'ór is d'airghead agus ní thug sé cabhair ná Congnamh d'aoinne riamh.
Cuimhnig sé ar sheift. D'imthig sé leis agus ní stad sé coidhthe is riamh gur bhain se amach tig an muiltheóir agus cad dhein sé na guid cúig phúint.
Ma dhein do connaich an muiltheóir é agus chuir sé an dlíghe air. De réir dlighe an uair sin sé an pionós bhí ceapaighthe chuir ar an té guidhtheach cúig púint, ná é crocadh. Do rugadh mo duine bocht i láthair na dlighe agus daoradh chun a chrocta é. Do cuireadh i bpríosún annsan é go ceann deich lá feicheadh nó go dtiochfhadh an lá cun é crochadh.
Ceann de's na laetheannta tháinig garda an príosún cuige le na suipéir agus dúbhairt sé leis go raibh sé le crocadh amaireach. Ní chuireann(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Eibhlín Bean Uí Ghrífín
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Luachair, Co. Chiarraí