Scoil: Ceanntrágha (Ventry)
- Suíomh:
- Ceann Trá, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Donncha Ó Cúrnáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Do bhí feirmeoir ann fadó agus bhí trúir mac aige. Bhí sé féin agus a thrúir mac amuich sa pháirc agus é ag féachaint ortha ag báire. Bhí sé suidhte ar a chathaoir uileann ag féachaint ortha. Do ghaibh an seabhac timcheall agus do thóg se súil as an athair agus d'imtig sé leis agus an tsúil 'na bhéal aige.D'imtig an mac críonna 'na dhiadh chun súil an athar a bhaint den seabhac agus a chapall marcuidheachra aige agus a fhuip. Do bhíodh sé chómh ghairid den seabhach go dtugadh sé fé chun é a bhualadh leis an bhfuip ach ní eirigeadh leis é bhualadh. Bhí sé mar sin go tráthnóna domhan déanach agus d'imthig an seabhac uaidh ar deire síos sa bhfuill. Dúbhairt sé leis féin nárbh aon mhaitheas do bheith leis ansan. Chas sé ar a shál abhaile agus iná chas d'fhéafruigh an tarna dritheár do an dtug sé leis súil a athar. Dúbhairt sé nár thug.(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Máire Bean Nic Gearailt
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 58
- Seoladh
- Cathair Bó Sine, Co. Chiarraí