School: An Bloscaod Mór
- Location:
- An Blascaod Mór, Co. Chiarraí
- Teacher: Máire Nic Gearailt
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: An Bloscaod Mór
- XML Page 182
- XML “Cluiche”
- XML “Cluiche ar Lúbadh Méar”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Cluiche é seo a bhíonn ag leanbhaí Corcha Duibhne. Imirtear é cois coise.
I
Scitseam, sceaitsium carbhán dansing,
An mó mac atá ag an Rí,
Mac indiu, mac indé is dhá chéad mac i dtóin an tighe
Leatsa sceinneamhaint síos 'on choill is earball gabhair a thabhairt aníos ó'n gcoill.Ceist
Fios chúghat, fios uait, ceann madra id' stuaic,
Tá beirt annseo ar thaobh an Gleinne,
Cé h-iad san?
(Téigheann duine síos go bun an tighe.)
(Aon ainm ruda nó duine go maith leat.)
Cat is luc nó Fuinneoígín Oir i bhFlathais Dé agus Dréimire Fada san aér nó Paidrín Óir i gcré, agus píce fada san áer, srl.
"Ce'cu acu san a thabharfaidh aníos tú?"
"Dréimire fada san aér."
(Caithfidh an duine go mbeidh an ainm sin air dul síos, agus an fear síos a thabhairt aníos air a dhrom.)(continues on next page) - You are not logged in, but you are welcome to contribute a transcription anonymously. In this case, your IP address will be stored in the interest of quality control.By clicking the save button you agree that your contribution will be available under the Creative Commons Attribution-NonCommercial 4.0 International License and that a link to dúchas.ie is sufficient as attribution.