School: An Bloscaod Mór

Location:
An Blascaod Mór, Co. Kerry
Teacher:
Máire Nic Gearailt
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0418, Page 106

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0418, Page 106

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Bloscaod Mór
  2. XML Page 106
  3. XML “Naomh Caitlín”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Naomh Caitilíne.
    Reamhrádh: Tá Parróisde Fionntrágha toirbhirte do Naomh Caitilíne. Tá roilig ann fós agus tugtar turas gach bliain in a h-onóir. Tugtar an turas ar an gcúigmadh lá fichead de Shamhain gach bliain. Seo é an scéal atá i mbéalaibh na ndaoine mar gheall air Naomh Caitilíne. Is minic a chuala an scéal ó dhaoine éagsamhla sa pharróisde.
    Fadó, fadó bhí solus le feiscint i dTeampull Fionntrágha (nó i roilig Fionntrágha). B'é an solus ba bhreágha é dá bhfeaca shúil daondha ariamh. Bhíodh sé ag múchadh a's ag lasadh fé mar a bheadh éan ag léimrig ó thor go tor. Bhíodh sé mar sin gach oídhche timcheall a naoi a chlog. Bhí uathbhás agus scannradh ar gach duine roimis.
    Aon oidhche amháin chruinnig sluagh sean daoine le chéile agus dubhradar go raibh sé ceart acu dul go dtí an roilig chun a fhághail amach cad a bhí ann. Chuireadar fé bhrághaid an tsagairt an scéal. Dubhairt an sagart leó dul agus a fhághail amach dhá mb'fhéidir leo cad ba chúis leis.
    Bhí droch mhisneach ortha tabhairt fé'n roilig. Dubhairt duine nárbh aon droch rud solus, agus nár gádh aon eagla roimis.Do thugadar fé'n dTeampull oídhche amháin.
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. events
      1. events (by time of year) (~11,476)
    Language
    Irish