School: An Bloscaod Mór

Location:
An Blascaod Mór, Co. Kerry
Teacher:
Máire Nic Gearailt
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0418, Page 156

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0418, Page 156

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Bloscaod Mór
  2. XML Page 156
  3. XML “An Gadaí Óg”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Garsún a bhí i mBaile na hAbha agus cailleadh a athair. D'fhiafruig sé d'á mháthair lá an raibh cead aige imtheacht ag tuilleamh shlíghe bheatha do féin. D'fiafhruig sí dhó cé an cheárd go mba mhaith leis dul léi. Dubhairt sé gur le bitheamhantuigheacht.
    "Léan náire ort," ars ise, "cad a bhéarfadh gur le bitheamhantuigheacht a raghfá."
    "O seadh mar dubhairt mo Dhaid liom é," ar sé.
    "Ariú ná fuil do Dhaid caillte," ar sí leis.
    "Ar m'anam go ndubhairt mar bhíos ag cainnt leis thiar sa Teampull agus dubhairt sé a rádh leat-sa mé a chur le bitheamhantuigheacht."
    Níor chreid sí é dar ndóigh.
    "Imthig ort sall agus fiafruig dho é," arsan garsún.
    D'imthig sí sall agus chuaidh sí 'on teampull. Ghaibh an mac an cómhgar agus bhí sé sa teampull roimpe. Sheasaimh sí ar chlaidhe an teampuill agus d'fiafruig sí dó "Hé a Phadraig, cad é an cheárd go gcuirfhead Seán léi?"
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Folktales index
    AT1525: The Master Thief
    Language
    Irish
    Informant
    Muiris Ó Catháin
    Gender
    Male