Scoil: Scoil N. Gobnait (uimhir rolla 16281)
- Suíomh:
- Dún Chaoin, Co. Chiarraí
- Múinteoir: Muiris Ó Dálaigh
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Scoil N. Gobnait
- XML Leathanach 061
- XML “Leigheas”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Leigheas.Leigheas ar Fhersaí.Deir Tomás go raibh fear sa pharóiste seo go dtugtaí Seán a Tobair air agus leighiseadh sé an galar so a thagann ar chapaill go minic. Seo mar d'aithnigheadh sé ar b'é an fersaí a bheadh ar an gcapall.
Ar dtuis nuair a thagadh sé do láimhseóleadh sé an capall síos suas agus cuir i gcás go mbeadh aon chnapán ar dhrom an chapaill (nó leac), chuireadh sé draoib buaille anuas ar an gcnapán nú ar an leic. D'imthigheadh sé (Seán) abhaile agus gan dabht shleamhnuigheadh an draoib síos ar chliathán an chapaill. Nuair a thagadh Seán lar na mháireach sé an cheud rud a dheineadh sé ná feuchaint ar na bóithre a dhein an draoib agus má lean an t-at na casáin seo b'shin cómhartha do go raibh an fersaí ar an gcapall agus leis an artha ansan do leigheas sé é.- Faisnéiseoir
- Tomás Ó Dálaigh
- Inscne
- Fireann