School: Scoil N. Gobnait (roll number 16281)
- Location:
- Dún Chaoin, Co. Kerry
- Teacher: Muiris Ó Dálaigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil N. Gobnait
- XML Page 061
- XML “Leigheas”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Leigheas.Leigheas ar Fhersaí.Deir Tomás go raibh fear sa pharóiste seo go dtugtaí Seán a Tobair air agus leighiseadh sé an galar so a thagann ar chapaill go minic. Seo mar d'aithnigheadh sé ar b'é an fersaí a bheadh ar an gcapall.
Ar dtuis nuair a thagadh sé do láimhseóleadh sé an capall síos suas agus cuir i gcás go mbeadh aon chnapán ar dhrom an chapaill (nó leac), chuireadh sé draoib buaille anuas ar an gcnapán nú ar an leic. D'imthigheadh sé (Seán) abhaile agus gan dabht shleamhnuigheadh an draoib síos ar chliathán an chapaill. Nuair a thagadh Seán lar na mháireach sé an cheud rud a dheineadh sé ná feuchaint ar na bóithre a dhein an draoib agus má lean an t-at na casáin seo b'shin cómhartha do go raibh an fersaí ar an gcapall agus leis an artha ansan do leigheas sé é.- Informant
- Tomás Ó Dálaigh
- Gender
- Male