Scoil: Garbh Fhearáin (Garrafrauns) (uimhir rolla 13155)
- Suíomh:
- Na Garfráin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Fionnagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal) (ar lean)
“Bhí buachaill beag fadó agus ghlaoidh an t-athair air nuair a bhí sé ar leanaidh a bháis...”
(ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a bhí sé ag ithe a dhinnéir bhí pictiúir beannuighte - an Mhaighdean agus a leanbh croctha ar an mballa ar a aghaidh agus bhí sé ag féachaint ortha agus shíl sé go raibh siad ag féachaint air.
"Muise, b'fhéidir" ar seisean leis an leanbh go bhfuil ocras ort-sa freisin agus seachad sé greim 'ráin suas aige agus ghlac sé é.
Nuair a bhí dinnéar ithte ghabh sé amach chuig a' sagart.
"Bal" ars an sagart "ar ith tú do dhinnéar"?
"Bal d'ith mé" ar seisean "ach" ar seisean " bhí pictiúir crochta ar m'aghaidh agus bhí an páisdín féachaint anuas orm agus thug mé greim 'ráin dó"
"Ar ghlac sé uait é"? ars an sagart
"ghlac" ar seisean
"Téirigh isteach" ars an sagart "agus fiafruigh de an nglacfadh sé tú fein"
Chuaidh. Tháinig sé amach arís. "Glacfaid" ar seisean."Téirigh isteach arís ars an sagart "agus fiafruigh de an nglacfadh sé mise leat"
Chuaidh. Glacadh
Bhí an bheirt aca caillte ar maidin agus ar shluagh na bhFírinne.- Bailitheoir
- Seán Ó Fionnagáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Dún Mór, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Aindriú Ó Duigneáin
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 40
- Seoladh
- Cluain Deargan, Co. na Gaillimhe