Scoil: Garbh Fhearáin (Garrafrauns) (uimhir rolla 13155)
- Suíomh:
- Na Garfráin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Seán Ó Fionnagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- An Sgoláire bocht
Bhí coibléire na comhnuidhe ag droichead dún mór ag bun an chaisleáin is tháinig neoch san oidhche chuighe agus labhair sé isteach leis agus dubhairt sé dá dtéigheadh sé go Droichead Átha Luain go bhfuigheadh sé a shaidhbhreas ann. Bhí an neoch ag teacht go minic chuige agus 'ghá bhadaráil nó gur dubhairt sé le n-a bhean " Reidhteochaidh mé liom agus racaidh mé chuig Droichead Atha Luain"
Nuair a shroich sé an droichead bhí sé ag dul siar is aniar ar feadh trí lá.
Bhí fear 'na chomhmuidhe ar aghaidh an droichid agus an triomhadh oidhche ag tuitim na h-oidhche dubhairt sé leis féin.
" achaidh mé amach go bhfeicfidh mé céard atá an fear sin amuigh á déanamh dul siar is aniar mar sin".
Chal amach leis chuige agus d'fhiafruigh se de céard a bhí dhá dhéanamh aige ansin agus dubhairt an coibléire leis go dtáinig neoch sa oidhche aige agus dur dubhairt sé leis dá dtéigeadh sé chuig Droichead Atha Luain go bfuigheadh sé a shaibhreas ann.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Seán O Fionnagáin
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- Na Garfráin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Tom Corley
- Inscne
- Fireann
- Aois
- c. 80
- Seoladh
- Ardchluain, Co. na Gaillimhe