Scoil: Corr na Móna
- Suíomh:
- Corr na Móna, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: P. Ó Maille
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Corr na Móna
- XML Leathanach 187
- XML “Naomh Féichín”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Ba é Naom Feichín a thug an Creideamh Fíor go dtí an áit seo. Ba as Bail' Easa Dara i gCondae Shligigh é. Is annseo a bhí aisling aige oidhche amháin, go mba cheart dó a theacht go dtí an áit seo agus múnadh do na daoiní faoí an gCreideamh Fíor.Tháinic sé go Congha i gCo. Mhuigheó, agus chuir sé mainistir nó sgoil ar bun ann. Tháinic sé go Baile-an-Tobair, agus tá tobar ann a bheannuigh sé. Tá an tobar seo le h-ais tobar eile a dtugtar Tobar Muire air. Fadó deirtear go mbíodh an Mhaighdean Ghlórmar dá feiceál annseo. Bhí leac ann, agus bhíodh na daoiní ag iompódh na leice. Cuir i gcás dá mbeadh faltanas ag duine do dhuine eile d'iompóchadh sé an leac sin, agus thuitfeadh mallacht ar an duine seo a n-iompóchar an leac air.Nuair a bhíodh sé seo ar súibhal, thug fear eicín as an mbaile an leac leis, agus chaith sé i n-áit í ar shíl sé nach mbéádh - fhios ar raibh sí ann chor ar bith. Ach ar maidin bhí an leac ar ais aríst. Annsin báitheadh (?) ó'n uair sin amach go dtí an lá atá indiú ann níor facthas an Mhaighdean Glórmhar annseo