Scoil: Coill Maolacáin (uimhir rolla 12644)

Suíomh:
Béal Átha na mBreac, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
Anna M. Ní Loingsigh
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 350

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0074, Leathanach 350

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Coill Maolacáin
  2. XML Leathanach 350
  3. XML “Gabha”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. Bhí gabh in a chomhnaidhe siar ag an Ocarlann i mBéal Átha na mBreac tuairim is fiche nó tríocadh bliadhan ó shoin. Sé an t-ainm a bhí air Tomás Glinn. Ba fear an-láidir é acht bhíodh sé i gcomhnaidhe ar misce agus annsin bhíodh sé feargach agus aoinne a dhéarfadh aon rud leis marbhóchaidh sé é. Deirtear go gabh an-mhaith a bhí ann.
    Oidhche amháin thainic sé abhaile taréis an oidhche a chaitheamh i dteach ósta éicint agus bhí a bhean in a codladh acht bhí duine de na páistibh suas agus nuair a tháinic se isteach díbir sé a bhean agus na páistí as an teach uilig acht deirtear nár mhair sé acht mí in a dhiaidh sin.
    Tá fothracha an ceardacan le feiceál ann fos.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Topaicí
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí eacnamaíocha
        1. gnó agus ceird (~4,680)
          1. gaibhneacht (~2,389)
    Teanga
    Gaeilge
    Bailitheoir
    Máire Ní Stancháird
    Inscne
    Baineann
    Faisnéiseoir
    Eilís Ní Mháille
    Gaol
    Seantuismitheoir
    Inscne
    Baineann
    Aois
    72
    Seoladh
    Béal Átha na mBreac, Co. na Gaillimhe