Scoil: Scoil Mhic Dara Naofa, An Cheathrú Rua
- Suíomh:
- An Cheathrú Rua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Mícheál Ó Nualláin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)gur dúisigheadh fear an tíghe. Do bhí ordóigín an bheag agus ní fhaca an fear é. Chuaidh an fear a chodhladh arís agus d'imthígh ordóigín amach ibhfolach i gcoca tuighe. Nuair a d'eirigh bean an tíghe chúaidh sí ag bleághann na bó. Thug sí slám tuighe do'n bó agus cá raibh ordóigin acht ins an slám. Bhí an bhó ag ithe ag ithe go raibh ord-óigín ite aicí. Fá dheireadh shluig sí ordóigín síar, agus bhí sé dhá phlúchadh . Annsin ghlaoidh amach ós árd. "Ná tabhair níos mó féir dom, ná tabhair níos mó féir dom." Rith an bhean isteach agus dubhairt sí leis bféar go raibh sídheóga ins an mbó. Tháinig an fear amach agus cúaigh aige cheangail sé an bhó agus mharbhuigh sé an bhó, acht ní fhaca siad aon cheó. Tháinig an (mada) mac tíre agus dith sé na putóga. Thárla sé go raibh ordóigín ins na putóga. D'imthigh an mac tíre leis agus ba gheárr gur thosaigh ordóigín ag cainnt leis. Annsin thosaígh an mac tíre ag(leanann ar an chéad leathanach eile)
- Faisnéiseoir
- Seán Ó Flaithbheartaigh
- Gaol
- Tuismitheoir
- Inscne
- Fireann
- Seoladh
- An Gleann Mór, Co. na Gaillimhe