School: Tír an Fhiaidh

Location:
Tír an Fhia, Co. na Gaillimhe
Teacher:
An tSr Máire
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0072, Page 128

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0072, Page 128

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: Tír an Fhiaidh
  2. XML Page 128
  3. XML “Daoine Cáiliúla”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. (continued from previous page)
    agus ag casadh amhráin fiú amháin as Merica. Tá sé i Merica go fóill mar a bhfuair sé bás le tamall. Tá sé suas le trí sgóir bhliadhain d'aois.
    Sé Pádhraig Ó Cúláin Leitir Móir an fear ba ghiorra do Mhíchil Ó Dubháin. Bhíodh sé ag damhsa ar búird ag ar ardáin. Thug sé an buadh leis as Cill Chiaráin.
    Sé Pádhraig Ó Fáthartaigh Tráigh Bháin an té ba ghiorra dhóibh san. Bhíodh sé ag damhsa ar árdáin go minic. Thug sé an buadh leis as Árainn.
    Bhí Mícheal Ó Gríobhtha Doirrín Darrách thar cionn. Thug sé an buadh leis as Luimhneach, Cinn Mhara agus as Baile an Ríogh. Tá sé tuairim is leath chéad bliadhain d'aois agus tá sé na chomhnuidhe i gConndae na Midhe. Thug sé an buadh leis as an gConndae sin tamall ó shoin.
    Sí Brighid Bhreathnach an damhsóir mná a bfeárr leath-chéad bliadhain ó shoin. Bhí sí fhéin agus bean an Spidéal ag damhsa ar an ardán san tolladh. Ní raibh fhíos cé acha de'n bheirt a raibh an duais gnóitte aici. Ach cuireadh cúpán lán d'uisge ar a gcloigeann agus a lámha síos leo agus casadh hornpipe dhóibh. Ní raibh an bhean as an Spidéal in-ann a cos a chorruighe gan an cupán a briseadh. Bhí Brighid Breathnach ag damhsa agus an cupán ar a cloigeann aici go raibh gach duine sásta léithi.
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhairí (~1)
      1. pearsana stairiúla (~5,068)
    Language
    Irish