School: Tír an Fhiaidh
- Location:
- Tír an Fhia, Co. Galway
- Teacher: An tSr Máire
![The Schools’ Collection, Volume 0072, Page 127](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0072%2FCBES_0072_127.jpg?width=1600&quality=85)
Archival Reference
The Schools’ Collection, Volume 0072, Page 127
Image and data © National Folklore Collection, UCD.
See copyright details.
DownloadOpen data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tír an Fhiaidh
- XML Page 127
- XML “Daoine Cáiliúla”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)rástaí agus bhí Pádraig Barréad ag iomhradh i gceann acha. Thug sé an rása leis le teann iomradh.
Seán Ó Cúláin, Máirtín Ó Dubháin, Pádhraig Ó Cúláin, Mícheal Mac Donncadha agus Seán Ó Cuirrín. Sin iad na fir a b'feárr ag iomrad i gConnmara uile. Bhí siad thar cionn i gcurrach.
Sé Séamas Ó Congalaigh, Séamas Mac Donncadha, Pádhraig Ó COnghalaigh agus Míchil Ó Congalaigh na fir a bféarr ag iomhradh i mbáid iomradha.Spealadóirí Cáileamhla :- Lábhrás Ó Lórcáin as Leitir Móir bhí sé in-ann acra féir a bhaint san ló.
Míchil Ó Dubháin as Leitir Mór bhí sé in-ann acra go leith a bhaint san ló.
Bhí Séamas Ó Congalaigh Tír-an-Fhiaidh in ann acra go leith a bhaint freisin.Rinnceóirí mós clú :- Sé Míchil Ó Dubháin as Leitir Mór an rinnceóir ba mhó clú dá raibh i gConnmara ariamh. Thug sé an buadh leis as Gaillimh as Baile an Ríogh as Tuaim agus as Roundstone. Bhí sé in-ann an buadh a thabhairt leis agus cupán uisge ar a chloigeann gan é a dhóirtead. Bhí sé in-ann damhsa ar plátha gan é a bhriseadh.
Ní raibh aoinne i gConnmhara in-ann jig reel agus hornpipe a chasadh chomh maith leis. Ní raibh aoinne eile i gConnmara in-ann amhrán a rádh chomh maith leis. Thug sé an buadh leis as gach áit ariamh a ndeacha sé ag damhsa(continues on next page)