Scoil: Tír an Fhiaidh
- Suíomh:
- Tír an Fhia, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr Máire
![Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0072, Leathanach 086](https://doras.gaois.ie/cbes/CBES_0072%2FCBES_0072_086.jpg?width=1600&quality=85)
Tagairt chartlainne
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0072, Leathanach 086
Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.
Féach sonraí cóipchirt.
ÍoslódáilSonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tír an Fhiaidh
- XML Leathanach 086
- XML “An tSlí a mBíonn a Fhios ag Muintir na hÁite ón nGréin cén Saghas Aimsire a Bhíonn air”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)triomach a bhíonns air.
Nuair a bhíonn sí gorm dhearg thiar báisteach is eadh é.
Nuair a bhíonn sí breac dhearg bíonn múiríl throma cloca sneachta air.
B'fearr dhuit spéir dhub a fheicheál o thuaidh le haghaidh triomhach ná í bheith glan.
Nuair a bhíonn an spéir thiar roinnt ramhar agus néaltach, smúit rabharta a bhíonns uirthi.
Nuair a bhíonn an speir thiar dearg sa ngeimhreadh bíonn gaoth aniar agus báisteach air.
Nuair a bhíonn sí dearg thoir bíonn muid ag súil le gaoth anoir is glas uair.
Nuair a bhíonn sí dearg ó dheas tagann gaoth andeas agus bog uair.
Nuair a bhíonn sí dearg ó thuaidh bíonn muid ag súil le neart gaoth adtuaidh.
Tráthnóna breágh sa ngeimhreadh agus má fheiceann tú an spéir ag atrughadh dáthanna bí cinnte gur glas uair é.
Má fheiceann tú an spéir thiar dorca bí ag súil le múr trom.
Má bhíonn an spéir dearg tiar, thoir, ó thuaidh agus ó dheas bí ag súil le toirneach agus le teinntreach troma.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Brighid Ní Chonghalaigh
- Inscne
- Baineann