School: Tír an Fhiaidh
- Location:
- Tír an Fhia, Co. Galway
- Teacher: An tSr Máire
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Tír an Fhiaidh
- XML Page 086
- XML “An tSlí a mBíonn a Fhios ag Muintir na hÁite ón nGréin cén Saghas Aimsire a Bhíonn air”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)triomach a bhíonns air.
Nuair a bhíonn sí gorm dhearg thiar báisteach is eadh é.
Nuair a bhíonn sí breac dhearg bíonn múiríl throma cloca sneachta air.
B'fearr dhuit spéir dhub a fheicheál o thuaidh le haghaidh triomhach ná í bheith glan.
Nuair a bhíonn an spéir thiar roinnt ramhar agus néaltach, smúit rabharta a bhíonns uirthi.
Nuair a bhíonn an speir thiar dearg sa ngeimhreadh bíonn gaoth aniar agus báisteach air.
Nuair a bhíonn sí dearg thoir bíonn muid ag súil le gaoth anoir is glas uair.
Nuair a bhíonn sí dearg ó dheas tagann gaoth andeas agus bog uair.
Nuair a bhíonn sí dearg ó thuaidh bíonn muid ag súil le neart gaoth adtuaidh.
Tráthnóna breágh sa ngeimhreadh agus má fheiceann tú an spéir ag atrughadh dáthanna bí cinnte gur glas uair é.
Má fheiceann tú an spéir thiar dorca bí ag súil le múr trom.
Má bhíonn an spéir dearg tiar, thoir, ó thuaidh agus ó dheas bí ag súil le toirneach agus le teinntreach troma.(continues on next page)- Informant
- Brighid Ní Chonghalaigh
- Gender
- Female