Scoil: Tír an Fhiaidh

Suíomh:
Tír an Fhia, Co. na Gaillimhe
Múinteoir:
An tSr Máire
Brabhsáil
Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0072, Leathanach 041

Tagairt chartlainne

Bailiúchán na Scol, Imleabhar 0072, Leathanach 041

Íomhá agus sonraí © Cnuasach Bhéaloideas Éireann, UCD.

Féach sonraí cóipchirt.

Íoslódáil

Sonraí oscailte

Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML Scoil: Tír an Fhiaidh
  2. XML Leathanach 041
  3. XML “Scéal faoi Mhac na Baintrí agus faoi Fhathach an Dá Cheann”

Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.

Ar an leathanach seo

  1. (ar lean ón leathanach roimhe)
    D'iarr siad air a theacht in éindigh leo. Dubhairt Jack nach racfadh. Thosuig siad ag sáith a gcuid sleágha in Jack. "Ná bíodh sibh ag sáith a gcuid bioráin ionnam-sa nó b'eidir go mbéadh fhíos agaibh é" arsa Jack. Nuair a chuireadar tuille feirge ar Jack thosuigh sé da gcaitheamh le chéile. Mharbhuigh sé an sluagh saighdiúrí ach duine amháin a leig sé ar ais le sgéala. Dubhairt gach duine annsin gurbh é Jack a shabháil an bhean. "Ní hé Jack is cionntach" adeir an rí "ach mise nár chuir a mháighistir fhéin da iarraidh." Chuaidh an máighistir faoi choinnig Jack agus sé an chaoi a raibh sé ag tigeacht ar a dhá ghluin "Céard atá ort" adeireadh Jack agus sé an fréagra a thugadh an máighistir air "is mé féin atá ann." Cuaid Jack éindigh leis agus ar an bhpuinnte is fuair sé an bhróig chuaidh sí ar a chois gan aon anró. Phós sé fhéin agus ingean an ríogh agus bhí an bhainfheis ar siubhal ar feadh seacht n-oidhche is seacht lá. Ní raibh siad i bhfad pósta gur thosuigh Jack ag cuimhniughadh ar a mháthair agus tháinig sé fhéin agus a bhean go hÉirinn. Mhair a mháthair go sona in éindigh leo as sin amhach.
    Tras-scríofa ag duine dár meitheal tras-scríbhneoirí deonacha.
    Innéacs seanscéalta
    AT0300: The Dragon‑Slayer
    Teanga
    Gaeilge
    Faisnéiseoir
    Séamus Ó Chonghalaigh
    Aois
    c. 50
    Gairm bheatha
    Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
    Seoladh
    Tír an Fhia, Co. na Gaillimhe