Scoil: Tír an Fhiaidh
- Suíomh:
- Tír an Fhia, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: An tSr Máire
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Tír an Fhiaidh
- XML Leathanach 040
- XML “Scéal faoi Mhac na Baintrí agus faoi Fhathach an Dá Cheann”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)Nuair a tháinig an máighistir dubhairt sé le Jack go raibh an bhean sabhailte. Chuaidh ingéan an ríogh abaile go dtí an rí agus chuaidh seisean go dtí an Sean Dall Glic le go bhfuigheadh sé amhach an aingeal as na flaithis, nó prionnsa, nó mac ríogh a shabháil a ingean.
Dubhairt an Sean Dall Glic leis go raibh sé ar a ríoghacht an té a shabháil í, agus go racadh an bhróg ar an duine sin. Chuir an rí saighdiúri amach agus an bhróg acu. Bhí go léor daoine ag baint a sála agus bárr a méara dá gcosa ag iarraidh an bhróg a chur ortha. Bhí gach duine go mba bhfu? trácht air feicfidh ag saighdiúrí an ríogh agus ní fhuaireadar aoinne a racadh an bhróig air. Chuaidh an rí go dtí an Sean Dall Glic arist agus d'innis sé a sgéala dhó. Dubhairt an Sean Dall Glic leis "fhiafruigh do gach duine ar fhág siad aon bhuachaill na ndiaidh sa mbaile". Rinne an rí amlaidh agus sa deireadh fiafruigheadh de mháighistir Jack an fhág sé aoinne na dhiaidh. "D'fág" adeir an máighistir "amadán as Éirinn agus níl mórán seans gur be a tháinig annsin." Bhí gach duine ag ceapadh nach hé ach mar sin fhéin cuireadh saigdiúrí na choinnig. Bhí Jack ag treabadh i ngarraidhe an fheilméara nuair a tháinig na saighdiúrí go dtí é.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Faisnéiseoir
- Séamus Ó Chonghalaigh
- Aois
- c. 50
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Tír an Fhia, Co. na Gaillimhe