Scoil: Leitirmealláin
- Suíomh:
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Éamonn Ó Gógáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)chuige agus dubhairt an gadaidhe leis go dtiubharfadh sé leis an bhráithlín ó na thaobh anocht san leaba agus dubhairt an fear nach dtiubharfadh. Chuaidh an fear abhaile agus bhí an fear a bhí in a chómhnuidhe san teach ag faire ar an mbráithlín. Chuaidh an gadaidhe chuig an roilig agus thóg sé corp as an roilig agus chuir sé bráithlín gheal air agus chuir sé in a sheasamh amuigh ag an bhfuinneóig an chorp ins an áit a raibh an fear in a chodladh. Chonnaic an fear a bhí in a chodladh an corp ag an bhfuinneóig agus fuair sé gunna agus chaith sé urchar leis. Dubhairt sé annsin le na bhean go raibh an fear marbhuigh aige agus nach bhféadfadh sé an bhráithlín a ghoid. Dubhairt an bhean leis a dhul chuig an roilig leis an gcorp agus é a chur san roilig sul a bhfeicfeadh muinntir an bhaile é. Chuaidh sé ag cur an chuirp annsin agus bhí an gadaidhe taobh amuigh dhé'n teach i bhfolach ag faire go mbéadh sé imthighthe. Annsin tháinig an gadaidhe isteach agus chuaidh sé a chodladh inéindigh leis an mbean agus shíl an bhean go mba é a fear fhéin a bhí ann, agus bhain sé uatha an bhráithlín. Nuair a tháinig an fear abhaile bhí an bhráithlín imthighthe agus bhí sé fhéin agus an bhean ag troid.
- 12.
Bhí fear ann fadó agus bhí sé in a chómhnuidhe i Sasana. Aon lá amháin bhí dinnéar réidhtighthe(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighréad Nic Dhonnchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máirtín Ó Conghaile
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 59
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe