Scoil: Leitirmealláin
- Suíomh:
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Éamonn Ó Gógáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Leitirmealláin
- XML Leathanach 278
- XML “Scéalta Greannmhara”
- XML “Scéalta Greannmhara”
- XML “Scéalta Greannmhara”
- XML “Scéalta Greannmhara”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)d'fhiafruigh sé dóibh an raibh siad ag ceapadh go gcrochfaidhe iad agus dubhradar, "We are thinking of it," agus crochadh iad.
- 2.
Casadh Seán agus Pádhraic ar a chéile i siopa agus d'fhiafruigh Seán de Phádhraic a ngearrfadh sé a chuid fataí i mbliadhna. Dubhairt Pádhraic "gearrfaidh, acht caithfidh tú chúig sgilleacha a thabhairt dhom an uair seo". Dubhairt Seán, "gearrfaidh tú é ar ceithre sgilleacha nach rabhamar ag dul ar sgoil le chéile, agus nach rabhamar ins an leabhar céadhna." Dubhairt Pádhraic "Nach bhfuil muid ins an leabhar céadhna anois freisin" ag teasbáint leabhar an tsiopa dhó. - 3.
Chuaidh bean chuig siopa ag ceannacht uibheacha agus thug an siopadóir uibheacha an-bheag dhi. Dubhairt sí leis go rabhadar an-bheag. Dubhairt sé go raibh acht go rabhadar úr mar tugadh isteach ar maidin iad. Dubhairt an bhean, "Bíonn an oiread deifir ar na feilméaraí a gcuid ubh a dhíol is go dtógann siad as na neadracha iad ró-luath agus ní bhíonn am aca eirghe mór." - 4.
Chuaidh buachaill isteach i siopa agus thóg sé oráiste agus níor íoc sé air. D'fhiafruigh an siopadóir de cé'n fáth nar íoc sé air. Dubhairt sé, "Tá sé sgríobhtha ar an gcárta go bhfuighidh tú sé cinn ar chúig phingne, gheobhfaidh tú cúig cinn ar ceithre pingne, ceithre ann ar thrí pingne, trí cinn ar dhá(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighréad Nic Dhonnchadha
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Máirtín Ó Conghaile
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 59
- Gairm bheatha
- Feirmeoir (Léirítear teidil na ngairmeacha i mBailiúchán na Scol sa bhunteanga inar cláraíodh iad)
- Seoladh
- Leitir Mealláin, Co. na Gaillimhe