Scoil: An Tráigh Bhán (uimhir rolla 14724)
- Suíomh:
- An Trá Bháin, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Meleachlán Mac Gairbhín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: An Tráigh Bhán
- XML Leathanach 376
- XML “Mo Cheantar Féin”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- Mo Cheanntar Fhéin.Doirín-Darach an t-ainm atá ar mo bhaile a bhfuil mé in mo chómhnuidhe ann. Tá sé i bparráiste an Cheatramh ruadh. Tá suas le dhá sgór teach in mo bhaile. Tá an chuid is mó go na tíghthe agus slínn atá orra agus an chuid eile tuighe. Tá go leór daoine in mo bhaile. Sé an fáth go bhfuil an t-ainm sin air. Bhí coill mhór ag fás ann sa tsean aimsear agus bhí go leór ainmhidhthe fiadháine ann, annsin gearradh an choill agus níl aon coill le feicéal ann anois. Marbhuigh na h ainmhidhthe agus níl aon ainmhidhe fíadháin ann ó shoin. Níl mórán daoine ins an bhaile.
Tá triúr sa'n mbaile atá trí sgóir agus deich mblíadhna agus sí Máire Ní Donnchadha an duine is sine acú. Tá an triúr sin ag fágháil an pionsúin. Tá cainnt ag gach duine acha ach níl siad indan aon sgéal a innseacht i mbéalra. Talamh dona atá sa'n mbaile mar tá sé portánách carraigeach agus sléibhteánach. Tá an chuid is mó dhe faoí phortaige. Bíonn na daoine atá san mbaile ag cuir beagán barraí agus cuid eile agus cuid eile [!] ag tarraighnt an dól agus cuid eile ag obair ar an mbóthar Níl mórán locha san mbaile, níl ann acht dhá loch agus sé an tainm atá orrtha loch an lodáin agus loch teann. Sé an fáth gur tugadh loch teann air mar tá gainimh garbh ag bonn na locha. Sé an fáth go dtugtar loch an lodáin air mar tá sé istigh i ngarraidhe ar a dtugtar fiodán. Níl sgéal ná(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Maighréad Ní Mháille
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 13