School: An Tráigh Bhán (roll number 14724)

Location:
An Trá Bháin, Co. na Gaillimhe
Teacher:
Meleachlán Mac Gairbhín
Browse
The Schools’ Collection, Volume 0070, Page 366

Archival Reference

The Schools’ Collection, Volume 0070, Page 366

Image and data © National Folklore Collection, UCD.

See copyright details.

Download

Open data

Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)

  1. XML School: An Tráigh Bhán
  2. XML Page 366
  3. XML “Cluichí”

Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.

On this page

  1. Is iomdha cluiche a bhíonn's againn ins an áit seo. Bíonn muid ag cur "tip" ins an áit seo gach lá. Bíonn muid ag déanamh sagairtíní agus ag déanamh dáthanna agus ag cur tíghthe freisin. Bíonn muid cruinnuighthe timceall ar an teine ins na tíghthe chuile oidhche ag cur tighthe. Sé an chaoi a gcuirtear na tíghthe teach a fhághail amach agus ainmneacha na ndaoine atá ina gcómhnuidhe ann a chur. Annsin bíonn chuile duine ag cuimhneach ar theach agus an chéad dhuine a fághann an teach is leis fhéin teach a chur. Sé an chaoi a ndeanann siad na sagairtíní.
    Fághann siad amach beirt bhan agus ghloidheann siad ar gasúr éicínt agus fiafruigheann siad dhe cé acha de'n bheirt is fearr leis. Cuireann duine acha ar a thaobh féin é agus bíonn siad mar sin go mbíonn sgór ar gach taobh. Tosuigheann siad ag tarraingt a chéile agus cé ar bith acha is feárr sin é an duine is feárr de na mná. Sé an chaoi a ndéanann siad an tip. Buille do bhualadh ar dhuine de na gasúr agus rith uaidh. Ritheann seisean in do dhíaidh agus má thagann sé suas leat buaileann seisean buile eile ort. Bíonn cluiche eile againn freisin ag déanamh folach. Cromann duine de na gasúir agus téigheann duine eile i bhfolach air agus bíonn an duine eile dhá cuartughadh. Nuair a fhághann sé thú
    (continues on next page)
    Transcribed by a member of our volunteer transcription project.
    Topics
    1. gníomhaíochtaí
      1. gníomhaíochtaí sóisialta (~7)
        1. siamsaíocht agus caitheamh aimsire (~5,933)
    Language
    Irish
    Collector
    Áine Corraidhín
    Gender
    Female
    Age
    14