Scoil: An Cnoc (Leitir Mór)
- Suíomh:
- An Cnoc, Co. na Gaillimhe
- Múinteoirí: Bríd Puirséal Máire, Bean Uí Dhuibheagáin
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- (ar lean ón leathanach roimhe)bheirt eile. Annsin chuartuigh sé na seomraí agus an seomra deiridh bhí sé lán le ór
Bhí sé an-deireannach nuair a tháinig Seán an oidhche seo. Bhí beirt ingean ag an rígh agus is iad a bhíodh ag beaghan na mbeithidheach agus ba leo na beithidhigh a bheith réidhtighte go luath. Ach bhíodar an-deireannach an oidhche seo agus 'fhiafraigh an Rí do Sheán "Cen fáth a bhfuil tú chomh deireannach anocht?" "Dá mbeitheá-ssa sa gcath a raibh mise ann" arsa Seán "ba dheacair tú a réidhteach as" "Céard a bhí tú a dheanamh?" ars an Rí, "cuirfidh mé geall go bhfuil na fathaigh marbhuighthe agat" "Tá siad marbhuighthe agam, a Rí" a deir Seán. "Fear maith a dheanfadh é" a deir an Rí, "ach beidh luach saothair agat dá bharr" Annsin chuir Seán a lámh in a phóca agus thasbáin sé dhó an t-ór. "coinn é" a deir an Rí. "Fágfaidh mé an inghean is sine agat le pósadh agus fágfaidh mé an talamh agat chomh maith". D'fhág an Rí an teach agus an talamh ag Seán agus bhí sé saidhbhir an fhad a mhair sé