School: Scoil Chuimín (roll number 4786)
- Location:
- An Pollach, Co. na Gaillimhe
- Teacher: Gearóid R. Ó Laidhigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil Chuimín
- XML Page 215
- XML “Paidín Piobaire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- Bhíodh piobaire ag teasdil na h-áite seo fadó a b'ainm do Paidín Piobaire. Fear deas cneasta a bhí ann agus ní raibh a sarú le fáil maidir le ceol. Piobaire a bhí in a athair agus d'fhogluim sé ceard an cheoil don mhac. Acht ní raibh ag eirge leis go maith - ní raibh luighe leis an mac og leis an gceol - ní headh nach mbiodh sé ag deunam a sheacht dhiceall leis an ceol, d'fhoghuim acht bhí sé rí deacair air theaht isteach ar an gceol a bheag nu a mhór. Cailleadh an t-athair nuair a bhí Paidin in-a stócach nu in a ghearr bhodach ba ceart dom a radh agus sé an t-aon rud amhain a bhiodh ag dul idir an th-athair agus a shuaimneas nach mbeadh an mac i riocht a áit fein a thógail mar piobaire maith nuair a bheadh sé fein caillte.Pe scéul é cailleadh an t-athair agus ní raibh de clonn ag a mháthair acht Paidin amháin. Lean sé leis an gceol cé nach raibh Paidir acht go reasúnta maith ní raibh sé ro olc mar piobaire.(continues on next page)