School: Scoil Chuimín (roll number 4786)
- Location:
- Pollagh, Co. Galway
- Teacher: Gearóid R. Ó Laidhigh
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Scoil Chuimín
- XML Page 216
- XML “Paidín Piobaire”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Nuair a bhí Paidin acht suas le scór bladhain nuair a fuair sé cuire o phiobaire eile a chomhnuigh i nGaillimh dul leis siar go Baile na hInnse le seinnm ag bainfeis ingean Riocaird Mairtín (Peárla an Chuil Bháin) a bhí a bheith postadh cupla lá in a dhiaidh sin. Ghlac Paidin leis an gcuire go h-acfuinneach - ba mhór leis seinnm leis an bpiobaire mor seo as Gaillimh. Ardóchadh sé a cháil agus a chlu mar piobaire san áit agus nil a fhios ceard a bheidh le fáil aige ó na h-uaislibh.Ghlac sé leis an gcuire ar an bpoinnte agus chaith sé cupla lá ag cleactadh ar na piobaí agus ag cur caoi ortha go rabhadar i nglan ordú aige. Acht bárr ar an mí adh nach thuit an piobaire eile i dtinneas agus ní raibh sé i riocht a dhul ann. Nior mhaith le Paidin dul ann leis féin - nior cheap sé go raibh sé saghach maith le dul ann agus sinnnm leis féin - ní raibh eolas an bhealaigh aige agus bhí sé i gcruadhchas. Chaith sé an oidhche sin ar fad beagnach a siubhal siar agus aniar ar na boithribh ag iarradh socru in a intinn ceard a dheanfead sé. Sa deire thainic sé isteach agus bhí sé(continues on next page)