School: Caladh na Muc
- Location:
- Caladh na Muc, Co. na Gaillimhe
- Teacher: -
Open data
Available under Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML School: Caladh na Muc
- XML Page 020
- XML “Na Fataí”
Note: We will soon deprecate our XML Application Programming Interface and a new, comprehensive JSON API will be made available. Keep an eye on our website for further details.
On this page
- (continued from previous page)Deineann sé iad a sprayáil dhá uair nó amannta trí uaire. Muna ndéanadh sé sin tiocfadh spotaí dubha ar na fataí agus mheathfadh na gais agus ní bhéadh mórán maitheasa san fataí.
Tagann blátha bána no bán dearga ar na gais. Annsin teigheann siad in éag. Annsin meathann na duilleoga agus an gais. Is é sin an t-am leis na fataí a bhaint - Deire Fóghmhair agus Mí na Samhna.
Baineann m'athair na fataí le ramhainn. Teigheann mo dhearbhráthair 'na dhiaidh agus caitheann sé na gais de leath taoibh. Piocann mo mháthair agus na páistí uilig na fataí. Cuireann siad isteach i mbuicéad iad.
Annsin déanann m'athair poll mór sa talamh. Cuireann sé tuighe isteach ann. Annsin cuirimid na fataí isteach ann. Clúduighimid iad le tuighe agus cré. Muna mbíonn siad clúduighthe go maith loiteann an sioc iad.
Is minic a bhíos orm féin dul chuig an bpoll fataí chun fataí(continues on next page)- Collector
- Máire Ní Dhonnchadha
- Gender
- Female
- Address
- Caladh na Muc, Co. na Gaillimhe