Scoil: Baile Nua (uimhir rolla 15331)
- Suíomh:
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Micheál Ua hUigín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Nua
- XML Leathanach 084
- XML “Tomhaiseanna”
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
- C. Tá garrdha beag agam sa lár do dhaoine uaisle cuilteanna dearga agus braithlíní bána?
F. Garrdha lín.
C. Bíonn sé istigh is bhíonn sé amuigh is ní fhághann sé foras ná comhnaidhe?
F. Doras.
C. Sin é air t-aghaidh é agus pus air?
F. Croch.
C. Sé cosa déag agus ní fhéadfaidh sé siubhal?
F. Oir/Dir péire bríste.
C. Dhá méid a bhainfheadh tú as is amlaidh is mo a bheadh sí ag méadú?
F. Clais gainmhe.
C. Cheithre chos shuas ceithre chos thíos, bog sa lár, agus cruaidh thart timcheall?
F. Leabaidh.
C. Sin é annsin é thríd an sruth, fear gan cota, fear gan crios, fear na coise caola, cruaidh sin é an fear nach feidir dul thairis?
F. An bás.
C. Caiplín iarann agus ruiblín olann as?
F. Snáthad agus snáth olann ann.
C. Cén fáth a n-itheann caoraí bána níos mó ná caoraí dubha?
F. Mar tá níos mo aca bán.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Máire Ní Ghoill
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Dún, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Bríghidh Ní Cheidhigh
- Inscne
- Baineann
- Aois
- 82
- Seoladh
- An Dún, Co. na Gaillimhe