Scoil: Baile Nua (uimhir rolla 15331)
- Suíomh:
- An Baile Nua, Co. na Gaillimhe
- Múinteoir: Micheál Ua hUigín
Sonraí oscailte
Ar fáil faoin gceadúnas Creative Commons Attribution 4.0 International (CC BY 4.0)
- XML Scoil: Baile Nua
- XML Leathanach 134
- XML (gan teideal)
Nóta: Ní fada go mbeidh Comhéadan Feidhmchláir XML dúchas.ie dímholta agus API úrnua cuimsitheach JSON ar fáil. Coimeád súil ar an suíomh seo le haghaidh breis eolais.
Ar an leathanach seo
(gan teideal)
“Othaire. Ba é Othaire an t'ainm a bhí ar an mbaile ar a dtugtar Cnoc Bán anois...”
Othaire. Ba é Othaire an t'ainm a bhí ar an mbaile ar a dtugtar Cnoc Bán anois, ach dubhairt ar taoiseach a bhí ar Chnoc Bán, Othaire go mbhfearr leis Cnoc Bán a thabhairt ar a bbhaile fhéin agus Othaire a chur ar an mbaile eile.
Cnoc Rathaighe. Tugadh an t'ainm sin air mar gheall air go bhfuil go leór raithneach ag fás an.
Cloch Bhaile. Mar tá go leór clochaí agus carraigreacha ann.
Árd Phádraigh. Bhí Naomh Pádraigh annsin uair amháin. Tá lorg a ghlúine ar cloich ann.
Dún. Mar gheall air go bhfuil dún mór ann a thóig na lochlannaigh fadó.
Gort a Chárrán. Mar tá gort an mór ann agus cárrán clocha istigh ina lár.
Gort na gCruach. Mar gheall air go bhfuil an baile suidhthe ar árdán mhór.
Pollach. Mar tá an baile suidhthe in ísleán.(leanann ar an chéad leathanach eile)- Bailitheoir
- Bríghidh Ní Conghaile
- Inscne
- Baineann
- Seoladh
- An Seanbhaile, Co. na Gaillimhe
- Faisnéiseoir
- Pádhraigh Ó Gabhán
- Inscne
- Fireann
- Aois
- 83
- Seoladh
- An Seanbhaile, Co. na Gaillimhe